Unless the Lord builds the house

Posted on 18. May, 2012

Mura ndéana an Tiarna an teach a thógail, is saothar amú é do lucht a thógála. (Salm 126)

Agus muid ag dul timpeall na bparóistí bíonn na focail seo as Salm 126 inár n-intinn againne agus is é seo an machnamh a spreagann siad ionainn:

Más rud é go bhfuilimid ag iarraidh rud a chur i gcrích as ár stuaim féin amháin agus gan inspioráid ón Tiarna a bheith taobh thiar de, ní fiú faic é agus ní bheidh toradh dá laghad air. Ar an taobh eile, áfach, más rud é go bhfuil an Tiarna ag iarraidh a Theach féin a thógáil inár measc, más rud é go bhfuil cuireadh á thabhairt aige dúinn Eaglais Bheo a nochtadh i ndeoise s’againne, ansin ní féidir linn – agus ní ceart dúinn –  gan ár gcroí iomlán a thabhairt dó.  Beidh muinín againn as an toradh a thabharfar ar ár n-iarrachtaí óir ‘is fial le pobal a pháirte é agus iad ina gcodladh.’

Alan Mac Eochagáin SJ